Formáidí Comhroghnacha
Treoir ar an dóigh le heolas a iarraidh orainn i bhformáid nó i dteanga eile. Tá tiomantas againn ár gcuid eolais a dhéanamh chomh hinrochtaine agus is féidir dár gcustaiméirí.
Baintear úsáid as cuid mhór teangacha seachas an Béarla i dTuaisceart Éireann, ar a n-áirítear teangacha dúchais (Gaeilge agus Ultais) teangacha mionlaigh eitneacha (ar nós na Polainnise agus na Portaingéilise) agus teangacha comharthaí na Breataine agus na hÉireann. Déanfaimid iarratais le croí-eolas a chur ar fáil sna teangacha seo agus i dteangacha eile a mheas agus cuirfimid a oiread cuidithe agus is féidir ar fáil.
Dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí radhairc acu, tig linn a shocrú go gcuirfear ár gcuid eolais ar fáil i bhformáidí eile, más gá, - mar shampla Braille, diosca, closchaiséad nó mórchló.
Teagmháil linn
Tá súil againn gurb úsáideach leat an t-eolas atá ar fáil anseo. Má tá a thuilleadh cuidithe de dhíth ort, áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an teileafón, le facs, tríd an phost nó ar r-phost.
Teileafón 028 9052 4919
Téacsfhón 028 9052 4420
R-phost alternative.formats@dardni.gov.uk